Daltaí ar an Trá!
Chuaigh Rang Tíreolaíochta Bhliain 5/6 go dtí Trá Inse Duine i gCloich na Coillte ar an 11ú Nollaig 2014 chun staidéar a dheineamh ar chreimeadh agus sil-leagan na farraige. Dhein na daltaí obair ar an ardán tonnghearrtha agus ar struchtúr na pluaise sular chuaigh ceathrar cróga isteach san uisce chun cabhrú le staidéar na dtonnta! […]

