Roghnaigh ceann amháin de na téamaí a leanas do do thionscadal:
1. Focail is maith liom
2. Ón bhfeirm go dtí an cuisneoir/forc
3. Mé féin agus na Féinphiceanna
4. Taobh istigh d’inneall
5. Ábhar inspioráide dom na Seanmháistrí
6. Dán: Seanbhróga
Bhí cuma mhaith orthu le chéile, ar dtús, na hiallacha teann agus iad snasta pointeáilte, ach an caitheamh agus an chuimilt a scrios iad: Scéal a bhrisfeadh do chroí!
In íochtar a fheictear an saol, cabhsaí agus cosáin, garbh agus mín, te, fuar, fliuch, tirim, ag seasamh, ag damhsa, ag imirt, caitheamh, caitheamh, caitheamh.
Níl caint acu, mar tá a dteanga stróicthe, ach tugann roic leathracha le fios gur garbh an caitheamh é agus gur crua an saol é, nuair a bhítear ag satailt ort, lae i ndiaidh lae.
Sáilchaite, na barraicíní scríobtha agus ag siúl i measc na n-íochtarán, scar an dá bhonn leis na colainneacha mar ghéill na greamanna, gach uile cheann.
Arna chur in oiriúint ó dhán le Robert Armitage
Má ta níos mó eolas nó na treoracha ag teastáil uat, lean an nasc seo chuig an páipéir scrúduithe: