Noiméad Omóis inniu/ A minute of remembrance today

Chaith Pobail na Scoile tamaill inniu ag cuimhniú ar Ashling Murphy agus iad siúd ar fad atá tar éis bás a fháil nó atá sceimhlithe de bharr droch-iompar daoine eile. Beidh sé i gceist againn Mion a thógaint maidir lenár n-iompar roimh deireadh na seachtaine. Seo píosa faoin méid a dúirt an PhríomhOide leis na daltaí:

The school community observed a moment of silence this morning to remember Ashling Murphy and those who have been killed or are fearful due to the actions of others. It is our intention to get the school to commit to a number of actions to change our behaviour and as a result to improve society. Below is an extract from the Principal’s talk today:

”Ar an Aoine seo caite, mar is eol do chach, maraíodh Ashling Murphy agus í amuigh ag rith cois abhainn i dTullach Mhóir, Co Uibh Fhailí. Tá a sochrad inniu.

Tá scéal a saol agus a bás clúduithe go forleathan ar na méain le tamaill de laethanta anuas. Mar aon le sin tá comhrá ath-thosnuithe maidir le sabháilteacht daoine ach go h-áirithe sabháilteacht mná inár gcomhphobail. Tá súil agam go bhfuil an t-ábhar seo á phlé agaibhse, tá súil agam go bhfuil, go háirithe na fir is na buachaillí inár measc i gColáiste Daibhéid, ag déanamh iniúchadh ar ár n-iompar fhéinig, agus tá súil agam go bhfuilimid ag déanamh cinneadh mar gheall ar athrú gur féidir linn a dhéanamh chun an tsochaí a dhéanamh níos sabháilte. Tosnaíonn sé leis an meas a theaspáinimid dúinn fhéinig is donár gclann is donár gcairde. Ach leanann sé leis an meas a theaspáinimid donár gcomharsan is na daoine a bhuailimid leis/leí/leo lá i ndiaidh lae.

Inniu agus an noiméad ciúnas ar siúl teastaíonn uaim go bpiocfá athrú amháin atá tú chun  a dhéanamh chun an bealach a  labhraíonn tú le daoine eile, nó an slí a iompraíonn tú tú fhéin a fheabhsú. Má thógann gach éinne sa scoil seo céim bheag concréiteach beidh níos mó ná 250 athruithe ar son na maitheasa tógtha againn i gColáiste Daibhéid- agus déanfaidh sé sin difríocht. Níos deanaí sa tseachtain beidh mé ag cur fáilte roimh dhaoine an athrú sin a chur i scribhinn, agus crochaimís ar ar falla an scoile mar meabhrú dúinn uilig.

Anois beidh an noiméad omóis againn i gcuimhne ar Ashling Murphy agus mar thacaíocht do dhaoine a bhíonn eagla orthu inár tsochaí”.