January 2018

Dea-Scéal ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Dhein Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí bronnadh gradaim ar Daltaí na hArdteiste 2017 ag ócáid speisialta san Óstán Rochestown Park Dé hAoine 26ú Eanáir. Bronnadh gradaim ar chúigear ó Choláiste Daibhéid. Bronnadh Bonn an Bhoird ar Jacques Ó Mordha (613 pointe) agus Colm Ó Murchú (613 pointe). Is é Coláiste Daibhéid an t-aon scoil amháin […]

Dea-Scéal ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí Read More »

Scátáil Oighir le Bliain 1 & Meitheal

D’eagraigh Meitheal na Scoile scátáil oighir don Chéad Bhliain ar an 24ú Eanáir 2018. Chuadair go ‘Cork On Ice’ i Rinn Mhachain agus baineadh an-taitneamh as an imeacht. Bhí reimse leathan de thaithí le feiceáil ar an oighir idir iadsan a bhí ag filleadh agus iadsan nár thriaileadair riamh é. Táimid fiorbhuíoch don ghrúpa Meithil

Scátáil Oighir le Bliain 1 & Meitheal Read More »

Buaiteoirí ‘First Lego League’!

Chomhghairdeachas ó phobal na scoile dár ‘Laochra’ a bhuaigh an chéad ‘First Lego league’ riamh a reachtáladh i gCorcaigh. Tá seachtar dalta páirteach sa tionscnamh fé stiúr an Phríomhoide, Máistir Ó Laighin ‘s tionóladh an babhtha ceannais i gColáiste na hOllscoile Corcaigh roimh an Nollaig. Chaitheadair cúpla mí ag dearadh agus ag clárú robot Lego

Buaiteoirí ‘First Lego League’! Read More »

Ár gcuid iarrachtaí do Charthanachtaí um Nollaig

Bailíodh os cionn €200 do Chlann Shíomóin agus os cionn €500 do Cork Cancer Care lenár gcuid iarrachtaí roimh an Nollaig. Bhí Lá na nGeansaithe Nollag againn ar scoil chomh maith le feachtas bailiú bia. Tugadh na boscaí sin díreach do Chlann Shíomóin roimh na laethanta saoire. Bhí roinnt daltaí 4ú agus 5ú Bliana páirteach

Ár gcuid iarrachtaí do Charthanachtaí um Nollaig Read More »