February 2016

Mic Léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar Cuairt

Tháinig grúpa mac léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar cuairt chun na scoile ar an 23ú Feabhra. Bhuaileadair le daltaí na hIdirbhliaina chomh maith le daltaí Seapáinise na cúigiú bliana. Labharaíodar le chéile faoi ghnéanna cultúrtha na hÉireann agus na Seapáine. Ba dheis bhreá í dár ndaltaí a gcuid Seapáinise a chleachtadh agus […]

Mic Léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar Cuairt Read More »

Dea-Scéal Ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Dhein Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí bronnadh gradaim ar Daltaí na hArdteiste 2015 ag ócáid speisialta san Óstán Rochestown Park Déardaoin, 11ú Feabhra. Bronnadh gradaim ar thriúr ó Choláiste Daibhéid. Bronnadh Teastas Éachta Speisialta ar Bhláthnaid Ní Luing agus Sophie Ní Choinnigh agus fuair Dónal Ó Leannacháin Aitheantas Dalta na Bliana. Táimid fíor-bhródúil as an

Dea-Scéal Ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí Read More »

Ceardlann na mBéaltrialacha Bl.6

D’fhreastail daltaí na hArdteiste ar sheó grinn bunaithe ar an bhfiche sraith don bhéaltriail Ghaeilge i mbliana. Bhí sé bríomhar, barúil agus spreagúil, lán le stíleanna eagsúla dramaíochta, ceol, puipéidí, agus idirghníomhaíocht. Spreag na gníomhaíochtaí na daltaí chun labhairt ar bhealach an-spraoiúil agus an-nadúrtha. Ba ullmhúchán iontach é. Chuaigh David Beckham, Niall Horan, Barack Obama

Ceardlann na mBéaltrialacha Bl.6 Read More »