Lá an Fhorógra 2016

Bhí lá lán de chomóradh againn ar an 15ú Márta do Lá an Fhorógra 2016. Tionóladh an pobal na scoile ar fad ag Halla na Cathrach agus chuir an tArd-Mhéara, Cllr. Chris Ó Laoire fáilte romhainn. Labhair an Príomhoide linn ar fad agus cuireadh fáilte roimh ár n-aoi speisialta, Tadhg Mac Eoin, Príomhoifigeach Bhord Oideachais

Lá an Fhorógra 2016 Read More »

Mic Léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar Cuairt

Tháinig grúpa mac léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar cuairt chun na scoile ar an 23ú Feabhra. Bhuaileadair le daltaí na hIdirbhliaina chomh maith le daltaí Seapáinise na cúigiú bliana. Labharaíodar le chéile faoi ghnéanna cultúrtha na hÉireann agus na Seapáine. Ba dheis bhreá í dár ndaltaí a gcuid Seapáinise a chleachtadh agus

Mic Léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar Cuairt Read More »

Dea-Scéal Ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Dhein Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí bronnadh gradaim ar Daltaí na hArdteiste 2015 ag ócáid speisialta san Óstán Rochestown Park Déardaoin, 11ú Feabhra. Bronnadh gradaim ar thriúr ó Choláiste Daibhéid. Bronnadh Teastas Éachta Speisialta ar Bhláthnaid Ní Luing agus Sophie Ní Choinnigh agus fuair Dónal Ó Leannacháin Aitheantas Dalta na Bliana. Táimid fíor-bhródúil as an

Dea-Scéal Ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí Read More »

Ceardlann na mBéaltrialacha Bl.6

D’fhreastail daltaí na hArdteiste ar sheó grinn bunaithe ar an bhfiche sraith don bhéaltriail Ghaeilge i mbliana. Bhí sé bríomhar, barúil agus spreagúil, lán le stíleanna eagsúla dramaíochta, ceol, puipéidí, agus idirghníomhaíocht. Spreag na gníomhaíochtaí na daltaí chun labhairt ar bhealach an-spraoiúil agus an-nadúrtha. Ba ullmhúchán iontach é. Chuaigh David Beckham, Niall Horan, Barack Obama

Ceardlann na mBéaltrialacha Bl.6 Read More »

Peil na gCailíní

Bunaíodh foireann peil na gcailíní i gColáiste Daibhéid i mbliana. Ghlac níos mó ná triocha cailín páirt idir foireann sóisearach ‘is sinsearach. Thosaigh na cluichí mí Dheireadh Fómhair agus thóg sé tamall don bhfoireann dul i dtaithí ar a chéile. Níor imir formhór na gcailíní peil riamh ach diaidh i ndiadh tháinig feabhas orthu. Le

Peil na gCailíní Read More »