Sa chás go gcaithfidh dalta an scoil a fhágaint luath caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir an dalta sin a shíniú amach sa PhríomhOifig. Chun cuidiú leis seo is fiú nóta a thabhairt don dalta sa tslí gur féidir leo a bheith ag an oifig in am chun bualadh leis an nduine fásta.
Agus dalta as láthair ‘sé nós na scoile ná go gcuirfeadh an tuismitheoir glaoch ar an scoil go luath i rith na maidine agus go mbeadh nóta scríofa sa dialann ar fhilleadh dó/di.
Má thagann dalta isteach déanach caithfidh siad síniú isteach san oifig agus stampa a fháil sa dialann.
Ní cheadaítear do dhaltaí sóisearacha an scoil a fhágáil le linn na sosanna. Ligtear do na daltaí sinsearacha dul go dtí na siopaí áitiúla amháin ar rogha údarás na scoile. Ligtear don scoil an cead seo a bhaint chomh maith ar aon lá faoi leith.