Blog

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Maith sibh bliain a haon agus na fóirne díospóireachta! Ghlac triúr ón gcéad bhliain agus triúr ón tsraith shinsearach páirt i gcomórtas na nGaelcholáistí eagraithe ag Gael Linn. Bhí an díospóireacht ar siúl i gcathair Luimní i gcoinne Gaelcholáiste Luimnigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Bhí dúshlán mór roimh ár ndaltaí dul i ngleic le cainteoirí dúchais Chonmara. Bhí Cian, Jessica agus Niamh ón gcéad bhliain in iomaíocht le daltaí ón tríú bliain agus thug siad an-dúshlán don fhreasúra. Bhí bliain a haon ar fad ann chun tacaíocht a thabhairt dá gcairde agus éisteacht leis an dhá uair an chloig d’argóintí agus bhíomar an-bhródúil as a gcuid iompar agus béasaí. Bhí Cian, Jessica agus Niamh chomh maith sin go bhfuilimid ag súil le rudaí iontacha sa todhchaí! Fuair na daltaí teastais mar aitheantas dá gcuid iarrachtaí. Ghlac an fhoireann shinsearach páirt ann sa chomórtas freisin le rún deacair acu – gur cheart deireadh a chur le cuntas Twitter Donald Trump! Bhí dian-iomaíocht ann idir na fóirne sinsearacha freisin ó na scoileanna céanna agus bhí mí-ádh orthu gan dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Well done to bliain a haon and the debating teams! Three from first year participated in the Gaelcholáistí debating competition organised by Gael Linn. The debate was held in Limerick against Gaelcholáiste Luimnigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Cian, Jessica and Niamh from first year competed against native Irish speakers in third year and they certainly challenged the more experienced opposition. The first year students went to support their friends and listened to two hours of complex debating in Irish. Cian, Jessica and Niamh were so impressive that we are expecting great things in the future! All three received certificates in recognition of their effort. The senior debating team also participated in the competition and had a tough topic – that Donald Trump’s Twitter account should be suspended! There was stiff competition between the teams from the same schools and they were unfortunate not to go on to the next round.

IMG_7354_edited

IMG_7355_edited

IMG_7356_edited