Rialacha

  1. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide an Choláiste go foirmiúil agus go neamh-fhoirmiúil. Glactar go labhróidh gach dalta Gaeilge i gcónaí sa Choláiste, sa cheantar timpeall ar an gColáiste agus fad is atá an dalta páirteach in aon imeacht a bhaineann leis an gColáiste.
    Irish is the language of the College both formally and informally. It is understood that every student will speak Irish at all times while in the College, in the environs of the College and while participating in any College related activity.
  2. Bheith i láthair ar gach lá scoile agus nóta miniúcháin a thabhairt isteach i gcás aon neamh-láithreachta.
    To attend school on all schooldays and to present an explanatory note from his/her parent in the event of any absence.
  3. Bheith poncúil i gcónaí.
    To be punctual at all times.
  4. Na leabhair agus ábhair a bheith aige/aici mar a threoraíonn an múinteoir.
    To have all necessary books and materials as required by each teacher.
  5. Lán-aire agus comhoibriú a thabhairt don mhúinteoir le linn an ranga.
    To give full attention and co-operation to each teacher during class.
  6. Meas agus urram a léiriú do scoláirí eile, do mhúinteoirí, do bhaill eile de fhoireann na scoile, agus do bhaill an phobail agus d’einne eile go dtagann sé/sí i dteangbháil leis le linn imeachtaí na scoile.
    To show due respect towards other students, teachers, other members of staff, members of the public and others with whom he/she may come in contact with within the course of school related activities.
  7. Obair bhaile agus dualgaisí staidéir eile a dhéanamh de réir mar a leagann an múinteoir /.udaráis na scoile síos.
    To complete all homework and study tasks as and when required by each Teacher/College Authorities
  8. Gach leabhar agus cóipleabhar a choimeád i ndea-riocht.
    To keep all books and copy books in good order.
  9. Meas agus aire a thaispeáint do mhaoin agus áitreabh na scoile.
    To show due care and respect for the property and premises of the College.
  10. Meas agus aire a thaispeáint do dhaoine eile agus dá maoin.
    To show due care and respect for others and their property.
  11. Aon dochar a dhéantar do mhaoin an Cholaiste nó do mhaoin aon duine eile a chur i gceart.
    To make good any damage done to school or individual property.
  12. Tá cosc glan ar thobac a chaitheamh sa Choláiste nó i limistéar an Choláiste nó chomh fada is atá éadaí an choláiste á chaitheamh ag an dalta, chomh maith le nithe mar thoitíní, lasáin, 7rl., a bheith i seilbh aon dalta agus é/í ar scoil.
    It is absolutely forbidden to smoke in the College or in the environs of the College or while wearing the college uniform, or for any student to have in his/her possession items such as cigarettes, matches, etc.,
  13. Tá cosc glan ar alcól agus substaintí mí-dleathacha .Is féidir píonós trom a ghearradh chomh fada le díbirt ón scoil má thagtar ar a leithéid nó má baintear úsáid astu.
    There is a total ban on alcohol and illegal substances. Discovery of such items and involvement in their use could lead to severe sanction up to and including permanent exclusion from the school.
  14. Caithfidh daltaí éadaí an Choláiste a chaitheamh mar a leagtar síos ag an gColáiste agus an dalta ar scoil, agus é ar a s(h)lí chun na scoile agus abhaile ó scoil, agus gan aon nithe breise a chaitheamh mar sheodra, suaitheantais a chaitheamh, 7rl., gan chead an Choláiste. Ba cheart sciortaí a chaitheamh le fad cuí. Chaithfí éadaí corpoideachais a chaitheamh de réir an chaighdeáin a leagtar síos ag an gColáiste.Tá bileog eile ar fáil faoi eadaí scoile.
    All students must wear the College uniform to the standard required by the College both in school and on the way to and from school and not to wear additional items such as jewellery, badges, etc., without the permission of the College. Skirts must be worn to an appropriate length. P.E. clothes must be worn in accordance with standards required by the College. A separate leaflet dealing with school uniform will be provided.
  15. Ba cheart do gach dalta a c(h)uid gruaige a choimeád glan agus néata. Ní cheadófar stíleanna gruaige atá thar fóir.
    Hair should be neat and tidy. Extreme hairstyles will not be permitted.
  16. Ní cheadaítear smideadh a chaitheamh go dtí Teastas Sóisearach. Tá cead é a úsáid i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ach bheith measartha san úsáid sin.
    Use of make-up is not permitted up to Junior Certificate level. Moderate use is permitted after Junior Certificate level.
  17. Caithfidh fóin póca bheith múchta i rith am scoile.
    Mobile phones must be switched off during school time
  18. Is ag údaráis an Choláiste a bheidh an focal deireanach faoi cad is caighdeán inghlactha ó thaobh éadaí, stíl gruaige, dreachadh aghaidhe, srl.,
    The school authorities will be the final arbiters of acceptable standards of dress, hairstyle, make-up, etc.
  19. Gan aon iompar a chleachtadh, taobh istigh nó taobh amuigh den Choláiste, a fhéadfadh dochar a dheanamh do cháil an Choláiste.
    Not to engage in any behaviour inside or outside the College that could damage the good name of the College.
  20. D’fhéadfadh an Coláiste smachtbhannaí a chur i bhfeidhm maidir le haon sárú de rialacha na scoile mar atá leagtha amach sna bileoga miniúcháin. Cuirtear na bileoga seo ar fáil roimh chlárú.
    The College may impose disciplinary measures in relation to breach of College Rules as outlined in the explanatory leaflets which will be provided prior to registration
  21. Glacann an Bord Bainistíochta agus an Príomhoide nó múinteoir ag feidhmiú ar son an Bhoird go bhfuil sé de cheart rialacha nua a chur i bhfeidhm ó am go chéile má cheaptar go bhfuil a leithéid inmhianaithe ó thaobh leas na ndaltaí agus na múinteoirí agus ó thaobh fheidhmiú an Choláiste a bheith dea-eagartha agus éifeachtach.
    The Board of Management and Principal or delegated teacher acting on its behalf reserves the right to introduce additional regulations during the course of the year where these are deemed desirable in the interests of the welfare of students and staff and the well ordered and efficient running of the College.