Blog

Turas go dtí an Eolaí Óg ag Leah Barbado – An Chéad Bhliain

Turas go dtí an Eolaí Óg ag Leah Barbado – An Chéad Bhliain

Bhí lá iontach againn ar an ochtú lá d’Eanáir. Bhí turas go dtí an Eolaí Óg eagraithe don Chéad Bhliain agus do roinnt dalta ón Idirbhliain.  Bhí orainn eirí go moch ar maidin agus bhí turas breá fada againn ar an mbus go Baile Atha Cliath. Ar dtús chuamar go Ionad Siopadóirechta Dún Droma agus chaitheamar tamaillín ann. Bhí a lán spraoi againn ann. Ansan chuamar díreach go dtí an Eolaí Óg. Bhí an áit plódaithe le daoine agusbhí sé  ana ghlórach ar fad ann. Bhí a lán tionscnaimh suimiúla, cluichí idirgníomhacha agus seastáin ann. Bhí clár raidió á chraoladh ann agus bhí Nicky ó “Westlife ” ann leis. Ghlacamar páirt ‘sna cluichí idirgníomhacha agus bhaineamar taitneamh astu. Fuaireamar a lán rudaí saor in aisce chomh maith. Lá taitneamhach a bhí ann agus cé go rabhamar tuirseach traochta, b’fhiú go mór freastal air. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múnteoirí  a tháinig linn.

 

CIMG3445

CIMG3446

 

CIMG3447

CIMG3448

CIMG3449

 

 

CIMG3450

 

CIMG3451

 

CIMG3452

 

CIMG3454

 

CIMG3455

 

CIMG3453

 

Pic 093

Pic 097

Pic 105

Pic 134