Blog

Tai Chi sa Scoil!

Tai Chi sa Scoil!

Bhí ranganna Tai Chi sa scoil againn Déardaoin 27ú Eanáir mar chuid de chéiliúradh ar Athbhliain na Sínise ag an deireadh seachtaine.
Tháinig an Máistir Shouhui Sang chugainn chun an Tai Chi a mhúineadh. Is tríd ár múinteoirí, Zhang Peng agus Zhang Wei ón Institiúd Confucius i UCC a cuireadh na ranganna sin ar fáil ‘s táimid thar a bheith buíoch den bheirt as ucht an eagúcháin.
Bhí beirt dhalta fé agallamh ar an gclár ‘An Saol Ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Tai Chi agus an tSínis ar an lá.
Cliceáil ar an bhfíseán thíos chun na ranganna a fheiceáil agus cuid den agallamh sin a chloisint!

We had Tai Chi classes in the school on Thursday January 27th as part of Chinese New Year Celebrations.
Martial Arts Master Shouhui Sang came to teach the Tai Chi classes. Our Chinese teachers, Zhang Peng and Zhang Wei from the COnfucius Institue UCC organised the classes for us and we are most grateful to them for this.
Two of our students were interviewed live on ‘An Saol Ó Dheas’ on RTÉ Raidió na Gaeltachta about the Tai Chi and Chinese studies in the school.
Click on the video below for footage from the classes and some audio of the interview!