Lá na nGeansaithe Nollag 2015

D’eagraigh Comhairle na nDaltaí, faoi stiúradh Bn. Uí Holmes, “Lá na nGeansaithe Nollag” an Aoine seo caite. Bhí gach saghas geansaí le feiscint timpeall na scoile agus hataí Nollag agus roinnt carbhait leis. Bhí atmasféar iontach ann le ceol ag cur go mór leis. Bailiodh 447 euro ar son The Sick Poor Society i gCorcaigh. Maith sibh go léir!