Comhairle na dTusimitheoirí

Ainm: Coiste Tuismitheoirí Choláiste Daibhéid.

Aidhmeanna:
2.1.        Tacaíocht a thabhairt d’aidhmeanna agus ethos an Choláiste.
2.2. Tacaíocht a thabhairt do bhainistíocht an Choláiste go hiomlán.
2.3.       Bheith mar cheangal idir bainistíocht agus tuismitheoiri an Choláiste i gcúrsaí a chabhraíonn le dea spiorad a chothú sa Choláiste.

Ballraíocht:
3.1.        Tá ballraíocht ar fáil do ghach thuismitheoir / caomhnóir le páiste ag freastal go lán aimsireach ar Choláiste Daibhéid.
3.2.       Toghfar coiste gnó a dhéanfaidh gnó an choiste a reáchtáil ar son na dtuismitheoirí, ag CCB.

Strúchtúr:
4.1.        Beidh an CCB ar siúil gach bliain ag tús na scoilbhliana ach gan bheith níos déanaí     ná 31ú Deireadh Fómhair. Déanfar an cruinniú a fhógairt go forleathan sa choláiste.
4.2. Beidh vóta ag gach tuismitheoir / caomhnóir.
4.3. Beidh sé de cheart ag gach tuismitheoir / caomhnóir ainm a chur chun cinn don     toghacháin
4.4. Toghfar ar a laghad cúigear ar an gcoiste gnó ag an gcruinniú.
4.5.       Beidh an bheirt ionadaí atá ag na tuismitheoirí ar an mBord Bainistíochta ar an gcoiste le cead vótála.
4.6.       Beidh an Príomhoide nó ionadaí uaidh / uaithi ar an gcoiste gan cead vótála.
4.7.       Beidh ar a laghad beirt thuismitheóir / caomhnóir agus páistí acu sa sraith sinsearach agus beirt agus páistí sa sraith sóisearach ar an gcoiste.
4.8.       Déanfar gach iarracht comhionannas inscne bheith ar an gcoiste ach beidh ar a laghad beirt bhan nó beirt fhear.
4.9.       Glacfar go mbeidh ball nár fhreastal ar thrí chruinniú as a chéile gan leithscéal taréis éirí as an gcoiste.
4.10.     Toghfar an cathaoirleach agus na hoifigigh ag an gcéad cruinniú coiste i ndiaidh an chruinniú chinnbhliana.
4.11.      Siad na hoifigigh eile ná; Leaschathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir.
4.12.     Beidh gach vótáil do dhaoine rúnda.
4.13.     I ngás cothromaíoch sna vótaí déanfar vótáil san athuair.
4.14.     Is féidir glacadh le hainmniúcháin ón urlár.
4.15.     Beidh vóta réitigh agus gnáth vóta ag an gcathaoirleach.
4.16.     Ní thoghfar aon oifigeach níos mó ná trí bliana as a chéile.
4.17.     Má éiríonn ball coiste as i rith na bliana tá cead ag an gcoiste ball eile a    chomhthoghadh.
4.18.     Tá cead ag an gcoiste baill a chomhthoghadh i rith na bliana má bhíonn gá.
4.19.     Caithfidh rúin i scríbhinn bheith leis an rúnaí trí lá roimh dáta an chruinniú.
4.20.    Buailfidh an coiste le céile ar a laghad ceithre uaire i rith na bliana.
4.21.     Beidh na miontuairiscí i nGaeilge agus cuirfidh an rúnaí tuairisc iomlán fé bhráid          an CCB.
4.22.    Tá sé de cheart ag an gciste cruinniú neamhghnách a ghlaoch. Déanfar an cruinniú a fhógairt go forleathan sa Choláiste.
4.23.    Tá sé de cheart ag 25% dos na tuismitheoirí cruinniú neamhghnách a ghlaoch.
4.24.    Sé córam cruinniú coiste ná leath na baill tofa móide duine.

Airgead
5.1      Beidh cuntas reatha ag an gcoiste. Beidh gá le síniú beirt de thriúr oifigigh ar                            gach seic. Ní bheidh cead rótharraingt.
5.2     Is í/é an cisteoir a bheidh freagrach as maoin an choiste. Cuirfidh sí/sé tuairisc                          fé bhráid an CCB gach bliain.
5.3     Ainmneoidh an coiste iniúchóir leis na cuntais a iniúchadh gach bliain.

6.  Ilghnéitheach
6.1     Tá gá le móramh de 2/3 dóibh siúd i láthair ag CCB nó Cruinniú neamhghnách chun              athrú a dhéanamh sa bhunreacht.
6.2     Tá cead ag an gcoiste cuireadh a thabhairt do dhaoine le saineolas freastal ar                   chruinniú gan cead vótála.
6.3     Má thiteann an coiste as a chéile ar chúis ar bith, rachaidh maoin an choiste                     chuig an bainistíocht an Choláiste.