Dea-Scéal Ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí
Dhein Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí bronnadh gradaim ar Daltaí na hArdteiste 2016 ag ócáid speisialta san Óstán Rochestown Park Dé hAoine 13ú Eanáir. Bronnadh gradaim ar sheisear ó Choláiste Daibhéid. Bronnadh Bonn an Phríomhoide ar Adam Ó Mathúna-Compagno (570 pointe). Bronnadh Teastas Éachta Speisialta ar Aaron Ó Donnalláin (560 pointe), Madeline Nic Artúin (555 pointe), Róisín Towe (555 pointe) agus Ailbhe de Sutúin (550 pointe). Fuair Dara Ó Briain Aitheantas Dalta na Bliana. Táimid fíor-bhródúil as an seisear seo agus guímid gach rath orthu sa todhchaí geal atá rompu. Maith sibh!
Cork Education and Training Board presented awards to the Leaving Certificate students of 2016 at a special function in the Rochestown Park Hotel on Friday, January 13th. Six students from Coláiste Daibhéid were honoured. Adam Ó Mathúna-Compagno received the Principal’s Medal (570 points). Aaron Ó Donnalláin (560 points), Madeline Nic Artúin (555 points), Róisín Towe (555 points), Ailbhe de Sutúin (550 points) received Special Merit Certificates and Dara Ó Briain received an award for Student of the Year. We are very proud of these students and wish them all the best in the future. Maith sibh!