Coláiste Daibhéid Abú!
Thosnaigh an fhoireann iománaíochta shinsear CD a feachtas Chorcaí le bua i gcoinne Ghóirt Álainn ina chéad chluiche, leis an scór deireanach 4-10 go dtí 4-4.
Sa leath craobh, bhuaigh CD i gcoinne Sráid an Mhuilinn leis an scór 2-15 i gcoinne 8 bpointe. Thaispeáin na himreoirí go léir a lán díograise agus nearta chun an bua seo a bhaint amach. Chabhraigh cúl Cian De Barra leis an mbua le Conchúir Ó Briain agus Cian Ó Buachalla leis na pointí agus bhí Antoine de Barra ana-chruinn óna pucanna saora. Bua iontach a bhí ann i Mala, bhí gach imreoir thar barr agus taispéain na laethanta seo spiorad na scoile. Bhí craobh eile sroichte ag an scoil, dhá bhliain as a chéile.
Mar is eol dóibh, bhí gach duine sa scoil ag tnúth leis an lá mór agus bhí na leaids ag cur isteach sár-iarrachta ag traenáil lasmuigh i Raonaithe Nemo tar éis scoile.
Ar an lá mór, ní raibh an t-ádh linn sa Chraobh. Ag feachaint siar, bhí Coláiste de Nógla-Rís ró-laidir dúinn sa deireadh. Chuaigh gach dalta agus múinteoir chuig an gcluiche chun tacaíocht a thabhairt don bhfoireann agus bhí bratanna gorma agus dearga ar fud na háite.
Cluiche cóngarach cruaidh a bhí ann agus bhíomar ag imirt i gcoinne na gaoithe sa chéad leath. Bhí gach rud ag dul go maith, bhíomar taobh thiar 0-2 / 0-1 tar éis 15 nóiméad, ach go tobann, fuair de Nógla-Rís dhá chúl in éadan treo na himeartha agus b’iad an cúpla nóiméad seo an difríocht sa deireadh.
Sa tarna leath, theaspáin an fhoireann an-chuid croí agus rinne siad a ndícheall. D’fhéadfaí a rá gur tháinig CD ar ais ón mbruach sa chluiche seo. Thosaigh an fhoireann ag troid ar ais agus bhí siad fós lán de mhuinín. Bhí ana-chuid deiseanna againn ach bhí an liathróid ag dul i ngách áit seachas thar an trasnán nó isteach sa chúl. Ach ansin chinntigh de Nógla-Rís an toradh le cúl eile nuair a bhí an t-am istigh. Scór Deiridh, 3-7 go dtí 0-7.
Bhí an dream seo ana díograiseach agus ar an lá bhí na cosantóirí ar feabhas ach go háirthe Dara Ó Briain, Óisín Wedel agus Cathal Ó Tuirnéir. Táimid go léir an-bhródúil astu. Táimid ag súil le craobh eile an bhliain seo chugainn, agus dar ndóigh an corn inár measc. Beidh lá eile ag an bPaorach.
Beir Bua…. CD Abú!