Seachtain na Gaeilge 2014
Ba cheiliúradh den scoth í Coicís na Gaeilge i mbliana. I measc na mórimeachtaí bhí Cluichí Ocrais, Ollchéilidh i gColáiste Muire, Mainistir Thuaidh, Clár Raidió, Tóraíocht Taisce agus Ceol Beo Laethúil ag na sosanna. Cuireadh tús le himeachtaí le Tráth na gCeist Bord. Ghlac daltaí na cúigiú bliana agus daltaí na hidirbhliana ar fad páirt ann. Bhí caighdeán na bhfreagraí agus caighdeán na Gaeilge fíor ard ag an bhfiche foireann agus bhaineadar an-sult as an ócáid.
Ghlac daltaí na céad bliana agus na dara bliana páirt i gcomórtais seanfhocal,filíochta agus ealaíne. Bhí maisiú iontach déanta ar na ballaí laistigh agus lasmuigh. Bhain daltaí na céad bliana an –taitneamh as an Toraíocht Taisce nuair a bhí orthú léarscáil a leanúint agus taiscí a aimsiú ar fud na scoile.
Ghléas na daltaí agus múinteoirí ar fad don Lá Glas agus eagraíodh Comórtas Chístí Cupán sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile. Chabhraigh Ceoltóirí na Scoile go mór le hatmaisféar Gaelach a chruthú. Bhí orthú éalú go luath óna gcuid ranganna ag gach sos chun bheith réidh le seinnt nuair a bhuail an clog. Eagraíodh Féile Scannánaíochta chomh maith agus roghnaíodh scannáin den scoth do gach aoisghrúpa.
Thosaigh ullmhúcháin do na céilithe i mí Eanáir nuair a rinne daltaí na céad bliana Ceardlanna Damhsa gach Aoine ar feadh míosa le cabhair Niamh Marie ó Scoil Damhsa Gaelach Attridge. Bhí seans ag daltaí na céad bliana agus na dara bliana cleachtadh a bheith acu i gCéilidh Scoile an chéad sheachtain. Arís bhí craic agus spraoi ag gach éinne go mór mór le Damhsa na Deilbhe. Don Ollchéilidh shiúil ochtó dalta lena múinteoirí go dtí An Mhainistir Thuaidh. Fuaireadar fáilte Uí Cheallagh ó phobal Choláiste Muire. Bhí áthas ar na daltaí casadh arís i mbliana. Tar éis bheith ag damhsa an tráthnóna ar fad shiúladar abhaile arís. Níor chuir an bháisteach fiú isteach ar spiorad iontach an lae sin.
Ghlac roinnt daltaí páirt i gComórtas Chlár Raidió eagraithe ag Gael Linn agus rinneadh an taifeadadh i gColáiste Naomh Eoin. Beidh an Clár Raidió á chraoladh ag Gael Taca chomh maith.
Ba é “Cluichí Ocrais “ an rud ba thaitneamhaí mar bhí seans ag gach rang bheith páirteach. Iomaíocht idir ranganna a bhí i gceist mar piocadh beirt as gach rang chun roinnt dushlán a bhaint amach dá rang agus bhí sceitimíní orthu ar fad ó thús go deireadh. Bhí an bua ag daltaí na hardteiste.
Bhailigh gach éinne le chéile arís ag deireadh na coicíse do Bhronnadh na nDuaiseanna. Tugadh ardmholadh do dhaltaí a thaispeáin ardmheas sa Ghaeilge. Moladh freisin na daltaí ar fad a labhair Gaeilge i rith na bliana mar cuid de Chomórtas Labhairt na Gaeilge. Bronnadh T- léinte breátha le mana Gaeilge ar na buaiteoirí ar fad. Táimid ag tnúth cheana féin leis an gcéad bhliain eile.
Ba mhian linn ár mbuíochas a ghabháil as an tacaíocht ar fad le príomhoide, príomhoide tánaisteach, múinteoirí, pobal na scoile tuismitheoirí, daltaí agus gach éinne a chabhraigh linn in aon slí.
Coiste na Gaeilge