Slán Libh!
Fágaimid Slán le Rang na hArdteiste 2013/14. Go néirí go geal leo san Ardteist agus sa todhcaí. Beidh doras an choláiste ar oscailt dóibh i gconaí.
Fágaimid Slán le Rang na hArdteiste 2013/14. Go néirí go geal leo san Ardteist agus sa todhcaí. Beidh doras an choláiste ar oscailt dóibh i gconaí.
Is féidir an nuachtlitir is déanaí a íoslódáil anseo; Coláiste Daibhéid – Nuachtlitir 13-14
Thug Rang Bitheolaíochta na hArd Teiste cuairt ar an gcoill i Ros Tialláin ar an 16ú Bealtaine chun na gníomhaíochtaí Éiceolaíochta a chur i gcrích. Bhí lá iontach acu amuigh faoin spéir le fuílleach le feiscint agus le foghlaim.
‘Mar chuid de nár oibre ar an gcóras frith-bhulaiochta sa scoil ta caipéís curtha le chéile I gcomhpháirt leis na daltaí, na múinteoirí agus an Bhord bhainistíochta. Seo an dréacht is deanaí chun seans a thabhairt do thuismitheoirí a dtuairimí a chur in iúl duinn. D’fhéadfá eolas a chur chugainn nó moltaí tríd an fhoirm …
D’éirigh thar barr leis an dream Idirbhliana a bhí bainteach leis an mion-chomhlacht faoi stiúr Iníon Ní Dhomhnaill. Shroicheadar an Craobh Réigiúnach lena dtáirge – Tarraing É (cluiche cártaí) agus bhuaigh siad an duais don Fhiontraí is Rathúla.
Bhí lá an-taitneamhach Bliain 1 ar an 27ú Márta. Dheineadar staidéar ar Lúbanna ar Abhainn na Laoi ar maidin. As go brách leo ansan go Lee Valley Harbour ‘s chuadar i mbun gníomhacíochtaí don iarnóin. Ghlacadar páirt i dteicnící iascaireachta, kayakadóireacht agus bádóireacht ar Thaiscumar na Laoi taobh thiar de Damba Inis Cara. First Year …
Ba cheiliúradh den scoth í Coicís na Gaeilge i mbliana. I measc na mórimeachtaí bhí Cluichí Ocrais, Ollchéilidh i gColáiste Muire, Mainistir Thuaidh, Clár Raidió, Tóraíocht Taisce agus Ceol Beo Laethúil ag na sosanna. Cuireadh tús le himeachtaí le Tráth na gCeist Bord. Ghlac daltaí na cúigiú bliana agus daltaí na hidirbhliana ar fad páirt …
Cuireann an fhoireann scoile fáilte croíúil roimh an tUasal Pól Ó Síodhcháin a cheapadh mar Leas Phríomhoide agus a tháinig chugainn i mí Eanáir. Guíonn an fhoireann gach rath air ina phost nua.
D’fhreastail daltaí na hArdteiste ar Chomhdháil Bhuntáiste Bhreise na Gaeilge le déanaí. Seimineár fostaíochta do dhaltaí meánscoile a bhí ann. Le linn an tseimineáir pléadh na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bhí cur i láthair ó aoichainteoirí éagsúla agus bhí deis ag na daltaí …