Tá suíomh Pinterest ar fáil do gach dalta ealaíne nó aon dalta go bhfuil suim acu san ealaín. Molaim díobh é a usaid ó thaobh taighde agus mar foinse inspioráide. Brú an nasc seo a leanas: Suíomh Pinterest An Seomra Ealaíne LNíR
Fáilte Romhat!
Cuireann an fhoireann scoile fáilte croíúil roimh an tUasal Pól Ó Síodhcháin a cheapadh mar Leas Phríomhoide agus a tháinig chugainn i mí Eanáir. Guíonn an fhoireann gach rath air ina phost nua.
Buntáiste Breise na Gaeilge
D’fhreastail daltaí na hArdteiste ar Chomhdháil Bhuntáiste Bhreise na Gaeilge le déanaí. Seimineár fostaíochta do dhaltaí meánscoile a bhí ann. Le linn an tseimineáir pléadh na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bhí cur i láthair ó aoichainteoirí éagsúla agus bhí deis ag na daltaí …
Slán Leat
Slán leat! D’fhág pobal na scoile slán leis an Leas Príomhoide, Iníon Uí Longaigh, an Aoine seo caite. Guímid gach rath uirthi ina bpost nua mar Phríomhoide ar Scoil Alabhaois agus táimid go léir fíor bhuíoch di as an méid oibre a dhein sí ar son Coláiste Daibhéid. Comghairdeachas lei.
Imeachtaí na hIdirbhliana 2013-2014
Tá bliain an-ghnóthach idir lámha ag rang na hidirbhliana. Chaitheadar turas thar oíche i gCnoc Mheilearaí i Mí Meán Fómhair . D’éirigh leo an turas eachtraíochta a ghabhann le Gaisce a chur i gcrích agus iad ann. Shiúileadar thart ar 30 km le linn an ama a chaitheadar ann. Bhaineadar an-sult ann mar is léir …
Tras Tíre
Bhuaigh an scoil cúig bhonn indibhidiuil mar aon le dhá bhonn fóirne ag an ócáíd reatha is déanaí i CIT. Thaisteal thart ar tríocha dalta ann. ‘Siad na buaiteoirí ná Nessa Wheeler, Úna Samuels, Madelin NicArtúin, Ruairí Ó Cathasaigh agus Aindriú Ó Tuirnéír.
Fiche Bliain ag Fás
Tá Coláiste Daibhéid ag céilliúradh fiche bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh ana-chuid imeachtaí ar siúl chun an éacht seo a chomóradh i rith na scoilbliana seo. Cuireadh tús leis an gcéiliúradh ar an 24ú Deireadh Fomhair le “Lá Feisteis Bréige”. Déanadh an iarracht ar fad agus bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí ó gach …